Is mise Glibín. Is croílín mé cosúil le mo dheirfiúr Ribín. Tá muid inár gcónaí thíos faoin tsráid lenár gcairde Cicí, Rocco & Dris. Is breá liom mo bhailiúchán cnaipí agus bím ag spraoi leo gach deis a bhíonn agam. Ní maith liom nuair a chaitheann daoine bruscar thart. Uaireanta bím i mo bhleachtaire agus cabhraím le mo chairde Dris, Rocco agus Cicí. Tá go leor rudaí nua le foghlaim anseo. Caithfidh mé a bheith an-chúramach. Seans go bhfuil rudaí dainséaracha anseo agus níl tuairim ag Ribín faoi dhainséar! Ach beidh mise an-chúramach…