Haigh! Is mise Ribín. Is croílín mé. Tháinig mé ó chroí-lár an domhain ach is breá liom an domhan seo thíos faoin tsráid. Tá an oiread cairde nua agam agus ár ndóigh tá mo dheartháir Glibín liom! Is breá liom a bheith ag spraoi agus ag canadh le mo chara is fearr, Cicí. Téim féin agus Glibín ar cuairt ar ár gcairde sa domhan thuas agus foghlaimíonn muid a lán rudaí uathu. Tá mé ag foghlaim gach rud faoin áit seo agus tá sé chomh spraíúil! Birra birra!